A Chairde Mícheál anseo #13

A Chairde, Mícheál anseo.

Michael O'Toole

Tá Boyle Motor Works ar cheann dena háiteanna móra le rá i Mainistir na Búille le fada an lá.
Sa bhliain 1980 cheannaigh Vincent agus Sheila Mc Donagh an garáiste sin chomh maith leis na Caidéil Peipril a bhí ós comhair an gharáiste.
D’éirigh go maith leo thar na mblianta agus is iomaí duine a bhí buíoch dóibh as ucht an tseirbhís a chuir siad ar fáil.
Sa bhliain 2004 d’oscail siad siopa san áit agus bhí an teaghlach ag rith an gharáiste agus an siopa ar feadh ceithre bliana déag.
Ansin tháinig athrú eile ar an áit. Sa bhliain 2018 thóg Corrib Oil an siopa agus na caidéil peitril ar chíos uatha.
Tá Boyle Motor Works ann i gcónaí ach is Ionad Boinn Gluaisteáin atá ann anois agus é ar fáil ar chúl an tsiopa. Is iad Gary agus Adrian, clann mhac Vincent agus Sheila atá á rith. Go fada buan a mhairfidh siad.
Bhí mé ag caint le Sheila le gairid agus chuir sé áthas orm nach bhfuil dearmad déanta aici ar an ngaeilge a d’fhoghlaim sí ar scoil ina hóige.
Slán go fóill.