A Chairde, Mícheál anseo.

A Chairde, Mícheál anseo.

Michael O'Toole

Tá Natural Options, atá suite in Ionad Siopadóireacht SuperValu diolta ag Pat Brogan agus ceannaithe ag beirt bhan áitiúil Paula Kelly agus Aoife O’Connor. Go n-éirí an t-ádh leo.
D’fhás na mná seo aníos le chéile i Mainistir na Búille agus tá siad anois i mbun gnó le chéile. Nach deas an rud é sin!
Sa Chogaslann Natural Options tá seirbhís iomlán oidise leighis ar fáil. Chomh maith leis sin tá gach cineál forlíon beatha agus sláinte gan trácht ar na táirgí áilleachta ar díol ann.
Beidh fáilte ag na hÚinéirí nua chomh maith leis an bhfoireann oibre Miriam, Sandra, Anna agus Sharyn roimh gach duine agus áthas orthu cabhrú lena gcuistiméirí maidir le cúrsaí sláinte agus áileachta. Go fada buan iad.
Slán go fóill.